| Téigh siar | Seol go dtí cara | Priontáil | Seol chuig Facebook |
Fáilte go dtí Oireachtas na Gaeilge
Tá bliain mhór amach romhainn i 2012 agus tá súil againn go mbeidh tú rannpháirteach linn ar bhealach éigin as seo go deireadh na bliana.
Beimid ag bronnadh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais faoi cheann roinnt seachtainí ag ócáid spleodrach in Óstán Chuan na Gaillimhe i mBóthar na Trá, Gaillimh. Fógrófar Gearrliosta 2012 go luath. Coinnigh súil amach dó.
An chéad lá de mhí Iúil arís i mbliana an spriocdháta le haghaidh saothar a chur isteach i gcomhair Chomórtais Liteartha an Oireachtais. Mura bhfuil clár na gcomórtas faighte fós agat, caith súil air i leathnaigh an láithreáin seo nó cuir fios ar chóip chrua (01 475 38 57 nó eolas@antoireachtas.ie) agus seolfaimid amach chugat í.
Ar ndóigh is ag filleadh ar Leitir Ceanainn a bheimid i dtreo dheireadh na bliana le haghaidh Oireachtas na Samhna. Beidh clár leathan imeachtaí ceoil agus siamsaíochta againn chomh maith le scoth na gcomórtas. Bí linn. Beidh na múrtha fáilte romhat.

















