Stair an Oireachtais

Tionóladh an chéadfhéile Oireachtais riamh Dé Luain, 17 Bealtaine 1897, i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ar siúl i Seomra Cruinn an Rotunda, ceann de na hallaí ba mhó sa chathair ag an am. Féile leathlae a bhí ann agus d’fhreastail os cionn míle duine air, rud a chuir iontas ar an lucht eagraithe féin ag an am. Ní raibh siad ag súil leis an leibhéal spéis a chuir pobal na tíre ann. I mBéarla, ar ndóigh, is mó a déanadh obair an Oireachtais sna blianta tosaigh.

Is ag comhdháil de chuid Chonradh na Gaeilge, i mí Lúnasa 1896, a déanamh an cinneadh a leithéid d’ócáid a reáchtáil, ócáid a bheadh bunaithe ar Eisteddfod na Breataine Bige agus ar an Mòd in Albain. Is as an rún áirithe seo a leanas a shíolraigh an tOireachtas:- ‘That an Oireachtas, or public assembly, on behalf of the Irish language, be held annually by the Gaelic League, at which prizes would be offered for readings, recitations, songs and dramatic sketches in Irish.’

Naoi gcomórtas a bhí ar an gclár ag an gcéad Oireachtas sin – dhá chomórtas filíochta; cúig comórtas aistí i bprós (agus i gcomórtas amháin acu sin d’fhéadfadh an aiste a bheith i mBéarla!); comórtas do chnuasach dánta, d’amhráin nó de scéalta Gaeilge nár cuireadh i gcló fós; comórtas d’amhrán nua a bheadh oiriúnach le canadh ag tionól de chuid Chonradh na Gaeilge; agus comórtas reacaireachta. Céad agus a dó (102) iomaitheoir ar fad a bhí ann, nócha (90) acu sin a bhí istigh ar na comórtais liteartha. Bronnadh na duaiseanna le linn na ceolchoirme.

Ní raibh i gceist ag an gcéad Oireachtas ach na comórtais (a bhí ar siúl san iarnóin) agus an ceolchoirm a bhí ar siúl san oíche. Mar sin féin ba ócáid mhór i saol na hÉireann a bhí ann. Chuir bainisteoirí na mBóithre Iarainn ticéid fillte ar fáil dóibh siúd a bhí ag teacht ag an Oireachtas ar chostas leath an ticéid singil. Tháinig sreangscéalta agus teachtaireachtaí dea-mhéine ó dhaoine i gcéin agus i gcongar – ceann acu ón Athair Eoghan Ó Gramhnaigh, ó Prescott, Arizona – an chéad sreangscéal i nGaeilge trasna an Atlantaigh!

Ón gcéad lá úd, bhain tábhacht ar leith leis an taobh sóisialta agus caidrimh den Oireachtas. Chuir na cainteoirí ó dhúchas agus foghlaimeoirí na Gaeilge aithne ar a chéile agus is iomaí buanchairdeas agus cleamhnas a d’fhás as an Oireachtas.

Le himeacht na mblianta tháinig fás ar an Oireachtas – cuireadh tús le Taispeántas Ealaíne an Oireachtais i 1905 agus bhí an taispeántas seo ar an gceann ba mhór le rá sa tír ar feadh na mblianta fada; tháinig borradh faoin scríbhneoireacht trí Ghaeilge mar gur léirigh an tOireachtas go m’ábhar measa í agus go raibh éileamh ag an bpobal uirthi; tugadh ardán nua do na healaíona traidisiúnta trí mheán na Gaeilge.

Bhí drochbhlianta ag an Oireachhtas freisin agus blianta, sna tríochadaí roimh an dara cogadh domhanda, nár reáchtáladh féile ar bith! Ach mhair an tOireachtas, anuas sna blianta, á athmhúnlú féin de réir mar a bhí gá leis, go dtí foirmle an lae inniu.

Faoi láthair reáchtálann Oireachtas na Gaeilge príomhfhéile bhliantúil na nGael, Oireachtas na Samhna, chomh maith le Comórtais Liteartha an Oireachtais, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, Léacht Bhliantúil an Oireachtais agus a lán eile.

Déanann RTÉ Raidió na Gaeltachta craoladh beo ar chuid mhór d'imeachtaí Oireachtas na Samhna agus bhíonn fáil ag daoine ar fud an domhain ar an gcraoladh seo tríd an idirlíon. Is minic scéalta faighte againn ó dhreamanna i Sasana, i Meiriceá, i gCeanada agus in áiteanna eile a mbíonn ‘Cóisir Uí Riada’ acu agus iad ag éisteacht le príomhchomórtas amhránaíochta ar an sean-nós an Oireachtais, Corn Uí Riada, ar an idirlíon.

Tá TG4 tar éis an tOireachtas a thabhairt chuig pobal uile na hÉireann le craoladh beo ar na príomhchomórtais damhsa ar an sean-nós agus ar an bpríomhchomórtas amhránaíochta ar an sean-nós, Corn Uí Riada, chomh maith leis an iliomad clár eile a chraoltar ó féilte an Oireachtais.

Tá RTÉ & BBC lárnach freisin ag craoladh cláir Oireachtais éagsúla i gcaitheammh na bliana.

‘Cruinniú’ nó ‘tionól’ de chuid lucht rialaithe na hÉireann an chiall a bhí leis an bhfocal `oireachtas` sa 7ú haois. Go dtí an lá atá inniu ann leanann Oireachtas na Geailge de thraidisiún uasal sin an tionóil agus na díospóireachta, a bhunaigh ár sinsir na céadta bliain ó shin, ag cur fáilte roimh óg agus aosta, scríbhneoir, file, amhránaí, damhsóir, ealaíontóir, scéalaí, aisteoir, aithriseoir, cumadaóir ceoil agus amhrán, ceoltóir agus pobal na Gaeilge, in Éirinn agus thar lear.

  • Leabhair ar stair an Oireachtais:- Scéal an Oireachtais 1897 - 1924 le Donncha Ó Súilleabháin (An Clóchomhar Tta., BÁC, 1984)
  • Réamhchonraitheoirí le Máirín Ní Mhuiríosa (Clódhanna Teo., BÁC, 1968) ISBN 0950126403
  • Oireachtas na Gaeilge 1897 - 1997, Eag: Proinsias Mac Aonghusa (Conradh na Gaeilge, BÁC, 1997)
  • Cuimhní Cinn ar an Oireachtas, Eag: Seán Mac Mathúna (Conradh na Gaeilge, BÁC, 1997)