| Téigh siar | Seol go dtí cara | Priontáil | Seol chuig Facebook |
Ráiteas Misin
Na healaíona dúchasacha, trí mheán na Gaeilge, a cheiliúradh agus a fhorbairt; deiseanna a chur ar fáil do lucht a gcleachta le hardchaighdeán a shroicheadh; agus rannpháirtíocht leathan i dtaca leis na healaíona sin a chothú i measc an phobail.Tá Oireachtas na Gaeilge tiomanta ar na healaíona dúchasacha agus ar nua-litríocht na Gaeilge a chur chun cinn. Eagraímid raon leathan imeachtaí i rith na bliana chun iad a cheiliúradh. Is é Oireachtas na Samhna príomhfhéile bhliantúil na nGael agus tagann daoine ó na ceithre harda chuige le taitneamh a bhaint as scoth na hamhránaíochta, an rince agus an cheoil, agus thar aon ní eile le sásamh a bhaint as an gcomhluadar agus as an gcaidreamh. Bíonn na himeachtaí seo a leanas mar chuid den fhéile: comórtais ardáin, seisiúin, Club na Féile, an Club Amhránaíochta 'Casadh an tSúgáin', comhdhálacha, seimineáir, taispeántais, drámaí, ócáidí seolta agus imeachtaí éagsúla eile. Is iad na comórtais, ar ndóigh, croílár na féile: amhránaíocht ar an sean-nós, rince aonair ar an sean-nós, agallaimh bheirte, lúibíní, scéalaíocht, seó ardáin, dreas cainte, sceitsí, scoraíocht, amhráin nua-chumtha, píb uilleann, veidhlín, cláirseach/cruit agus ceol beirte.
Tugann Comórtais Liteartha an Oireachtais deis do scríbhneoirí óga agus do scríbhneoirí seanbhunaithe araon dul i mbun pinn - agus gabhann duaischiste de €70,000 leis an tsraith comórtas. Chomh maith leis sin faigheann gach scríbhneoir, bíodh duais buaite aige nó ná bíodh, léirmheas ar a shaothar.
Tá Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ann le haitheantas a thabhairt do dhaoine atá ag saothrú sna meáin Ghaeilge a bhaineann ardchaighdeán amach i réimsí éagsúla oibre. Bronntar gradaim go bliantúil ar dhaoine sna meáin chlóite agus sna meáin chraolta.











