- Comhaontaíonn gach iontrálaí i gComórtas Gearrscannáin an Oireachtais go bhfuil na cearta dlíthiúla cuí aige/aici an gearrscannáin a iontráil sa chomórtas agus é a thaispeáint go poiblí.
- In aon chás inar gá cead nó ceadúnas a fháil d’aon chuid den ghearrscannán ó údar, ó chumadóir nó eile, is ar an iontrálaí a bheidh an dualgas an cead nó an ceadúnas sin a fháil roimh ré ón té ar leis an cóipcheart, agus beidh air, freisin, An tOireachtas a chosaint ar aon éileamh nó imeacht dlí a d’fhéadfadh teacht de bharr a fhoilsithe nó a léirithe.
- Nuair a dhéanfaidh iontrálaí gearrscannán a chuir isteach ar an gcomórtas seo, is deimhniú é go bhfuil na rialacha agus na coinníollacha ar fad a bhaineann leis an gcomórtas léite agus tuigthe aige/aici agus go n-aontaíonn sé/sí a bheith faoina gceangal.
- Glacann An tOireachtas ceart aonarach chuige féin grianghrafadh, taispeáint agus craoladh a dhéanamh ar shaothair a iontrálfar i gComórtas Gearrscannáin an Oireachtais nó ar aon chuid nó ar aon ghné de shaothair a iontrálfar.
- Comhaontaíonn gach iontrálaí i gComórtas Gearrscannáin an Oireachtais go bhféadfaidh An tOireachtas an scannán sin a úsáid in aon mheán nó aon fhormáid agus ceadúnú a thabhairt i leith an chirt sin nó é a shannadh ar bhealach ar bith is cuí leis.
- Ní foláir iontráil a dhéanamh ar an bhfoirm oifigiúil, mar aon leis an táille iomaíochta a íoc faoi Dé Céadaoin, 13 Meán Fómhair 2017. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an dáta sin. Ní aisíocfar táille iomaíochta ar aon chúinse.
- Is gá achoimre (gan dul thar 200 focal) a sheoladh le gach iarratas.
- Ní bheidh aon dul thar bhreith na moltóirí.