Céard atá nua i mbliana?

Tá mionathruithe déanta againn i gcás sonraí a bhaineann le comórtais éagsúla eile agus, mar sin, iarraimid ort sonraí an chomórtais a mbeidh tú ag cur isteach air a léamh go cúramach chun a chinntiú go bhfuil do shaothar á chur isteach ar an gcomórtas ceart agat.

Iontráil ar Líne

Is féidir iontráil a dhéanamh ar líne. Ní hionann sin is a rá nach bhfuil an tseanáis ann i gcónaí, is é sin cóip den chlár comórtais a íoslódáil i bhfoirm PDF anseo, Tá gach eolas faoi gach uile chomórtas ar fáil ar an leathanach "Comórtais Liteartha 2012" agus tá an fhoirm iontrála do na comórtais ansin freisin. Ní mór duit do shaothar a cheangal leis an bhfoirm iontrála. Ní ghlacann Oireachtas na Gaeilge ach le leagan PDF amháin de na saothair nó cóid mp3 i gcás saothar amhránaíochta nó ceoil (féach Rialacha). Ní ghlacfar le doiciméid Microsoft Word, mar shampla.