FOLÚNTAS: | OIFIGEACH IMEACHTAÍ & FORBAIRT FREASTAIL (Baile Átha Cliath) |
SCÁLA TUARASTAL: | €30,127 - €40,053 (Grád: Oifigeach Feidhmiúcháin) |
IONAD OIBRE: | Is i mBaile Átha Cliath atá an post seo lonnaithe. Post ar chonradh bliana é seo, leis an bhféidearthacht cur leis. |
CEANNEAGRAÍOCHT sa mhór-réimse “Deiseanna a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus bunú gréasán” is ea An tOireachtas. Beidh an té a cheapfar mar OIFIGEACH IMEACHTAÍ & FORBAIRT FREASTAIL rannpháirteach i gcur i gcrích Phlean Bliana na heagraíochta.
FREAGRACHTAÍ
- Clár Imeachtaí an Oireachtais a chur chun cinn agus rannpháirtíocht ann a spreagadh;
- Caidreamh idir gréasáin labhartha Gaeilge a éascú, i gcomhar leis an Oifigeach Gréasán;
- Ócáidí gréasánaíochta a reáchtáil don phobal úsáidte Gaeilge;
- Maoiniú/Urraíocht a aimsiú d’fheachtais agus d’imeachtaí an Oireachtais;
- Tionscadail ealaíne agus siamsa ar leith a riar;
- Faisnéis i leith tinreamh ag imeachtaí an Oireachtais a bhailiú; agus
- Ionadaíocht a dhéanamh ar an eagraíocht ag tionóil/imeachtaí/féilte nuair is gá.
RIACHTANAIS
- Ardchaighdeán labhartha agus scríofa i nGaeilge & i mBéarla;
- Taithí/Cumas imeachtaí a fhorbairt agus a bhainistiú;
- Eolas ar phobal na Gaeilge i gceantair lasmuigh den Ghaeltacht;
- Taithí ar úsáid na meán sóisialta;
- Ábaltacht oibriú as a stuaim féin, agus
- Ceadúnas tiomána glan.
BEIDH SÉ INA BHUNTÁISTE AG IARRTHÓIR:
- Taithí fostaíochta a bheith aige/aici i dtimpeallacht Ghaeilge / ealaíne,
- Cumas a bheith aige/aici oibriú de réir amspriocanna teanna;
- Sárscileanna cur i láthair a bheith aige/aici;
- Ardleibhéal cruinnis i mbun oibre & súil ghéar anailíseach;
- Cumas a bheith aige/aici imeachtaí a bhainistiú/a eagrú; agus
- É/Í a bheith muiníneach, tiomanta agus ábalta feidhmiú go maith mar bhall d’fhoireann bheag.
Seol iarratas mar aon le CV, roimh 16 Eanáir 2020, chuig:
Máirín Nic Dhonnchadha,
Leas-Stiúrthóir,
An tOireachtas, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2
nó
poist@antoireachtas.ie
Faigheann Oireachtas na Gaeilge bunmhaoiniú ó