Ainm an ghearrscannáin: 1916 - An Bheirt ón Rinn
Ainm an léiritheora: RoseAnn & Catherine Foley
ACHOIMRE: Scéal faoi bheirt óglaigh ó Ghaeltacht na Rinne sna Déise a bhí in Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath le linn Éirí Amach na Cásca 1916.


Ainm an ghearrscannáin: Snámh in aghaidh Easa
Ainm an léiritheora: Meangadh Fíbín
ACHOIMRE: Clár faisnéise drámata a leanann ceithre bhád as Oileáin Árann, agus iad ar aistear as Ros an Mhíl go dtí Inse Shealtainn ar thóir ronnach.


Ainm an ghearrscannáin: Áiliu Iath n-hÉrend
Ainm an léiritheora: Dónal Ó Céilleachair & Martina Durac
ACHOIMRE:  De réir na bhfabhalscéalta, is iad dánta, nó amhráin, Aimhirgín Glúngheal, na dánta ba thúisce a eachtraíodh in Éirinn. Tagann na dánta chugainn mar shraith de íomhánna ó shaol na hÉireann, stairiúil agus ón lá inniu, le córlíne ina gcloisimid na filí is fearr in Éirinn. Tuilleadh eolais ar: http://www.anupictures.com/project/invoking/


Ainm an ghearrscannáin: Scíth an Taistealaí
Ainm an léiritheora: Aodhán Ó Maoileoin & Seán Mac Cárthaigh
ACHOIMRE:  Fear óg ag comhrac d’fhonn a shaol a fheabhsú.


Ainm an ghearrscannáin: Eadrainn féin
Ainm an léiritheora: Mairéad Kiernan & Daithí Ó Cinnéide
ACHOIMRE:  Taispeánann an gearrscannán seo an t-athrú a thagann ar an gcaidreamh idir athair atá traidisiúnta ina dhearcadh agus a mhac nuair a thosaíonn an mac ag ceistiú cúrsaí inscne.