Caitríona Ní Dhomhnaill

Réalta Óg na Bliana | Na Gradaim Chumarsáide | An tOireachtas

Aisteoir as An Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe í Caitríona Ní Dhomhnaill. Bhain sí BA amach (Gaeilge, Dlí agus Drámaíocht) in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i 2017. Chaith sí roinnt mhaith dá cuid ama san ollscoil ag plé le cúrsaí drámaíochta, idir aisteoireacht agus stiúrthóireacht, agus í ina reachtaire ar an gCumann Drámaíochta ansin. Ó shin i leith, tá obair déanta aici leis An Taibhdhearc (Dún na mBan trí Thine, Gilín Sneachta agus an Seachtar Scallywag & Jingle Bang Jangle), le Fíbín (An Siopa Ealaíne), le Telegael (Thomas Edison’s Secret Lab), le Taisce Shorts (An Chaint) agus í le feiceáil i láthair na huaire i bpáirt  ‘Sorcha Uí Ghaora’ ar Ros na Rún. Nuair nach mbíonn sí ag aisteoireacht, bíonn Caitríona ag plé le cúrsaí aistriúcháin agus í díreach i ndiaidh Ard-Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil a chríochnú in Óstaí an Rí.

CHUN VÓTÁIL AR SON CAITRÍONA NÍ DHOMHNAILL
téacsáil GRADAM6

chuig 51500 ó Phoblacht na hÉireann, ó Thuaisceart Éireann nó ón mBreatain Mhór.

Tá gnáth tháillí líonra i bhfeidhm. D'fhéadfadh difríocht a bheith idir chostas na dtáillí líonra, ag braith ar an líonra móibíleach atá agat.
Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 29 Deireadh Fómhair 2019.
Níl cead ag baill foirne an Oireachtais vóta a chaitheamh.
Soláthraí Seirbhíse: Púca.

Bronnfar Gradam Réalta Óg na Bliana le linn Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019 le linn Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl in Óstán Citywest, Co. Bhaile Átha Cliath, Dé Céadaoin, 30 Deireadh Fómhair 2019. Beidh clár speisialta beo á chraoladh ar TG4 ag 7.30 p.m. ón ócáid tráth a mbeidh aíonna ar an gCairpéad Dearg á gcur faoi agallamh agus iad ag triall ar an Searmanas Bronnta. Beidh an searmanas bronnta á sruthú beo ar líne ag www.tg4.tv chomh maith.