Emma Ní Chearúil

Réalta Óg na Bliana | Na Gradaim Chumarsáide | An tOireachtas

Tá Emma ina Clár Reachtaire le Raidió na Life. Cuireann sí an t-irischlár An Bricfeasta Blasta i láthair, agus déanann sí léiritheoireacht ar chláir chainte an stáisiúin; Fios Feasa, Timpeall Orainn, Meon na mBan agus Ardchathair. Thosaigh sí ag obair ar bhonn deonach leis an stáisiún os cionn sé bliana ó shin, agus tá neart oibre eile déanta aici i saol na craoltóireachta. Bhain sí féin agus a comh-láithreoir Brónagh Ní Chuilinn duais CRAOL don chlár is fearr le Meon na mBan in 2018, bhí sí mar chathaoirleach bunaithe Raidió na dTreabh in 2015, agus stiúir sí RG Lurgan le Coláiste Lurgan, ag cur ceardlanna raidió ar fáil do dhéagóirí agus ag forbairt ardáin dá bpodchraoltaí agus cláir. Glacann sí páirt i bpodchraoltaí agus cláir náisiúnta eile freisin; Motherfoclóir, Club Leabhar agus Bláthnaid Libh ina measc. 

Bíonn sí ag scríobh chomh maith agus tá ailt léi foilsithe ar ardáin Bhéarla agus Ghaeilge, Tuairisc.ie, Nós, H2BAR agus Hot Press ina measc.  Le cúpla bliain anuas tá sí tar éis a bheith ag obair le Conradh na Gaeilge mar Fheidhmeannach Cumarsáide ar fheachtais feasachta éagsúla; SEAS18, An Chollchoill agus An Ghaeltacht ag an bPicnic Leictreach, Trasna na dTonnta, Gaeilge 24, CEOL2018 agus neart eile.  Tá spéis aici sa ghrianghrafadóireacht, agus is í príomheagraí an chuntais Instagram Humans of an Fáinne ar a bhfuil scéalta agus grianghraif bailithe aici maidir leo sin a chaitheann an fáinne go bródúil.

CHUN VÓTÁIL AR SON EMMA NÍ CHEARÚIL
téacsáil GRADAM4

chuig 51500 ó Phoblacht na hÉireann, ó Thuaisceart Éireann nó ón mBreatain Mhór.

Tá gnáth tháillí líonra i bhfeidhm. D'fhéadfadh difríocht a bheith idir chostas na dtáillí líonra, ag braith ar an líonra móibíleach atá agat.
Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 29 Deireadh Fómhair 2019.
Níl cead ag baill foirne an Oireachtais vóta a chaitheamh.
Soláthraí Seirbhíse: Púca.

Bronnfar Gradam Réalta Óg na Bliana le linn Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019 le linn Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl in Óstán Citywest, Co. Bhaile Átha Cliath, Dé Céadaoin, 30 Deireadh Fómhair 2019. Beidh clár speisialta beo á chraoladh ar TG4 ag 7.30 p.m. ón ócáid tráth a mbeidh aíonna ar an gCairpéad Dearg á gcur faoi agallamh agus iad ag triall ar an Searmanas Bronnta. Beidh an searmanas bronnta á sruthú beo ar líne ag www.tg4.tv chomh maith.