Gráinne Bleasdale

Réalta Óg na Bliana | Na Gradaim Chumarsáide | An tOireachtas

Aisteoir, láithreoir, puipéadóir, ceoltóir agus stiúrthóir ó Ros a’ Mhíl, Co. na Gaillimhe í Gráinne. Chuir sí suim san aisteoireacht ag aois óg, agus d’éirigh léi a céad ról a fháil ar an gclár teilifíse Aifric, a bhfuil 3 IFTA buaite aige, i 2006.  Ó shin i leith, tá sí tar éis a bheith ag obair le TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus RTÉ, chomh maith le comhlachtaí léiriúchán ar nós Telegael, Macalla, Abú Media, Fíbín, Adare Productions, Vision Independent Productions agus go leor eile.

Cé go bhfuil suim mhór aici san aisteoireacht stáitse (Fornacht do Chonac / Tóraíocht / Othello / An Triail), tá sí dírithe ar chúrsaí teilifíse le blianta beaga anuas.  Bhí sí páirteach san fheachtas mór aclaíochta do Operation Transformation - 10@10, atá fós á úsáid i ngach mbunscoil sa tír faoi láthair, i nGaeilge agus i mBéarla.  Tá grá ollmhór aici do phuipéadóireacht chomh maith.  Bhí sí lárnach sna cláir Let’s Find Out, Mr. Mender & The Chummyjiggers, Dig in Diner, Saol Faoi Shráid agus an clár nua Tír na n-Óg, a bheidh á chraoladh sna míonna amach romhainn.  I láthair na huaire, tá sí le feiceáil mar mholtóir ar Junior Eurovision (TG4) agus i bpáirt ‘Michelle’ ar Ros na Rún. 

CHUN VÓTÁIL AR SON GRÁINNE BLEASDALE
téacsáil GRADAM1

chuig 51500 ó Phoblacht na hÉireann, ó Thuaisceart Éireann nó ón mBreatain Mhór.

Tá gnáth tháillí líonra i bhfeidhm. D'fhéadfadh difríocht a bheith idir chostas na dtáillí líonra, ag braith ar an líonra móibíleach atá agat.
Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 29 Deireadh Fómhair 2019.
Níl cead ag baill foirne an Oireachtais vóta a chaitheamh.
Soláthraí Seirbhíse: Púca.

Bronnfar Gradam Réalta Óg na Bliana le linn Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019 le linn Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl in Óstán Citywest, Co. Bhaile Átha Cliath, Dé Céadaoin, 30 Deireadh Fómhair 2019. Beidh clár speisialta beo á chraoladh ar TG4 ag 7.30 p.m. ón ócáid tráth a mbeidh aíonna ar an gCairpéad Dearg á gcur faoi agallamh agus iad ag triall ar an Searmanas Bronnta. Beidh an searmanas bronnta á sruthú beo ar líne ag www.tg4.tv chomh maith.