Oisín Mistéil

Réalta Óg na Bliana | Na Gradaim Chumarsáide | An tOireachtas

Is stiúrthóir, scríbhneoir agus eagarthóir scannán é Oisín Mistéil. As Contae Bhaile Átha Cliath ó dhúchas, tá Oisín anois ag obair le Tua Films i nGaillimh.

Bhí bliain mhór aige, ag obair mar stiúrthóir agus mar láithreoir ar an gclár Ar Thóir na Crown Jewels, clár faisnéise staire do TG4 a chaith súil éadrom ar ghoid Crown Jewels na hÉireann in 1907 agus, freisin, mar scríbhneoir (i dteannta Ray Lawlor) agus stiúrthóir ar an gclár Le Ceangal, le haghaidh Bloc TG4, sraith ar líne a bhí bunaithe ar ghrá le linn na dianghlasála. Rinne sé eagarthóireacht ar dhá chlár faisnéise do TG4 agus ar an ngearrscannán, Dear Little Sophia.

Tá sé faoi láthair ag stiúradh clár don sraith Finné agus ag ligean air go bhfuil sé ag scríobh rud éigin.

 

CHUN VÓTÁIL AR SON OISÍN MISTÉIL
téacsáil GRADAM3

chuig 51500 ó Phoblacht na hÉireann, ó Thuaisceart Éireann nó ón mBreatain Mhór.

Tá gnáth tháillí líonra i bhfeidhm. D'fhéadfadh difríocht a bheith idir chostas na dtáillí líonra, ag braith ar an líonra móibíleach atá agat.
Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 13 Deireadh Fómhair 2020.
Níl cead ag baill foirne an Oireachtais vóta a chaitheamh.

Soláthraí Seirbhíse: Púca.