Ola Majekodunmi

Réalta Óg na Bliana | Na Gradaim Chumarsáide | An tOireachtas

Tá Ola Majekodunmi 22 bliain d'aois. Rugadh i Lagos, An Nigéir í ach d'fhás sí suas in Éirinn. Tháinig sí ar an nGaeilge trí freastal ar ghaelscoileanna. D'fhreastail sí ar Gaelscoil Lios na nÓg agus Coláiste Íosagáin ina dhiaidh sin. Tá an-phaisean aici do mhéain na Gaeilge. Tá sí ag obair mar chraoltóir deonach le Raidió na Life anois ar feadh 5 bliana. Tá a clár ceoil féin aici darbh ainm, 'Seinnliosta an tSathairn', a bhíonn ar siúl gach Satharn ó a 4.00 – 5.00 i.n. Bíonn sí le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le feiceáil ar TG4 anois agus arís. Is cuiditheoir í don phodchraoladh atá go mór i mbéal an phobail faoi láthair, 'Motherfoclóir'. Faoi láthair tá Ola ag críochnú a máistreacht sa Léiriú Craolacháin Dhigitigh sa Scoil Náisiúnta Scannán in IADT Dún Laoghaire.

CHUN VÓTÁIL AR SON OLA MAJEKODUNMI
téacsáil GRADAM5

chuig 51500 ó Phoblacht na hÉireann, ó Thuaisceart Éireann nó ón mBreatain Mhór.

Tá gnáth tháillí líonra i bhfeidhm. D'fhéadfadh difríocht a bheith idir chostas na dtáillí líonra, ag braith ar an líonra móibíleach atá agat.
Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 29 Deireadh Fómhair 2019.
Níl cead ag baill foirne an Oireachtais vóta a chaitheamh.
Soláthraí Seirbhíse: Púca.

Bronnfar Gradam Réalta Óg na Bliana le linn Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019 le linn Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl in Óstán Citywest, Co. Bhaile Átha Cliath, Dé Céadaoin, 30 Deireadh Fómhair 2019. Beidh clár speisialta beo á chraoladh ar TG4 ag 7.30 p.m. ón ócáid tráth a mbeidh aíonna ar an gCairpéad Dearg á gcur faoi agallamh agus iad ag triall ar an Searmanas Bronnta. Beidh an searmanas bronnta á sruthú beo ar líne ag www.tg4.tv chomh maith.