Séamus Ó Scanláin

Réalta Óg na Bliana | Na Gradaim Chumarsáide | An tOireachtas

Is as Indreabhán i gCois Fharraige do Shéamus Ó Scanláin agus is ann a fuair sé a chuid oideachais – sa mbunscoil agus sa meánscoil. Bhain sé a chéim onóracha, BA sa Chumarsáid, amach in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, sa bhliain 2014.

Tá plé aige leis na meáin ó bhí sé ina ghasúr agus le sraitheanna teilifíse do dhaoine óga a bhíodh á léiriú ag Telegael agus ag comhlachtaí áitiúla eile do TG4. Ó shin i leith – tá sé tar éis a bheith ag obair ar chláir theilifíse do ghasúir agus do dhaoine fásta. Is é Séamus atá mar chomh láithreoir ag Aoife Ní Thuairisg ar an gcomórtas ceol tíre, Glór Tíre.  Tá sé ar dhuine de na tuairisceoirí atá ag an gclár Léirmheas Leabhar ar TG4 freisin.

Thosaigh sé ag obair ar phainéal na gClár Reachtairí ócáideacha in RTÉ Raidió na Gaeltachta, Casla 2014 – áit a mbíonn sé ag léamh na scéalta nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus Gaeltachta don chuid is mó do RTÉ RnaG agus do sheirbhísí nuachta Gaeilge Radio ONE, 2FM agus LyricFM.  Bíonn sé ag láithriú cláir cheoil agus siamsaíochta agus ag obair mar láithreoir leanúnachais do RTÉ Raidió na Gaeltachta.

CHUN VÓTÁIL AR SON SÉAMUS Ó SCANLÁIN
téacsáil GRADAM3

chuig 51500 ó Phoblacht na hÉireann, ó Thuaisceart Éireann nó ón mBreatain Mhór.

Tá gnáth tháillí líonra i bhfeidhm. D'fhéadfadh difríocht a bheith idir chostas na dtáillí líonra, ag braith ar an líonra móibíleach atá agat.
Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 29 Deireadh Fómhair 2019.
Níl cead ag baill foirne an Oireachtais vóta a chaitheamh.
Soláthraí Seirbhíse: Púca.

Bronnfar Gradam Réalta Óg na Bliana le linn Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019 le linn Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl in Óstán Citywest, Co. Bhaile Átha Cliath, Dé Céadaoin, 30 Deireadh Fómhair 2019. Beidh clár speisialta beo á chraoladh ar TG4 ag 7.30 p.m. ón ócáid tráth a mbeidh aíonna ar an gCairpéad Dearg á gcur faoi agallamh agus iad ag triall ar an Searmanas Bronnta. Beidh an searmanas bronnta á sruthú beo ar líne ag www.tg4.tv chomh maith.