Seán Ó Ciardha

Réalta Óg na Bliana | Na Gradaim Chumarsáide | An tOireachtas

Is as Baile Átha Cliath do Sheán ach tá sé ag cur faoi i nGaillimh anois le bliain anuas.

Bíonn sé ag cruthú ábhar os comhair agus taobh thiar den cheamara. Faoi láthair is Bainisteoir Urláir é le Ros na Rún, agus tá sé díreach tar éis bliain den chéad scoth a chaitheamh ag obair le BLOC TG4 ag foghlaim faoi na meáin shóisialta, agus ag obair leis na BLOCadóirí iontacha ar fad atá leo. Bhí deis aige físeanna faisnéise, sceitsí, agus ábhair Instagram a chruthú agus a fhoilsiú, rud a thaitin go mór leis. 

Tá comhlacht beag bídeach léiriúcháin aige lena leathbhádóir Oisín Mistéil darbh ainm Taisce. Bíonn siad ag cruthú físeanna greannmhara dátheangacha do Sheachtain na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, agus ar ndóigh BLOC.

CHUN VÓTÁIL AR SON SEÁN Ó CIARDHA
téacsáil GRADAM2

chuig 51500 ó Phoblacht na hÉireann, ó Thuaisceart Éireann nó ón mBreatain Mhór.

Tá gnáth tháillí líonra i bhfeidhm. D'fhéadfadh difríocht a bheith idir chostas na dtáillí líonra, ag braith ar an líonra móibíleach atá agat.
Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 29 Deireadh Fómhair 2019.
Níl cead ag baill foirne an Oireachtais vóta a chaitheamh.

Soláthraí Seirbhíse: Púca.

Bronnfar Gradam Réalta Óg na Bliana le linn Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019 le linn Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl in Óstán Citywest, Co. Bhaile Átha Cliath, Dé Céadaoin, 30 Deireadh Fómhair 2019. Beidh clár speisialta beo á chraoladh ar TG4 ag 7.30 p.m. ón ócáid tráth a mbeidh aíonna ar an gCairpéad Dearg á gcur faoi agallamh agus iad ag triall ar an Searmanas Bronnta. Beidh an searmanas bronnta á sruthú beo ar líne ag www.tg4.tv chomh maith.   .