Asterix i gCoill na Cinsealachta

Gradam Uí Shuilleabháin | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

Asterix i gCoill na Cinsealachta
FOILSITHEOIR: Dalen Éireann
AISTRITHEOIR: Gabriel Rosenstock

 

Achoimre Leabhair
Tá Asterix agus a chomh-Ghallaigh ag seasamh in aghaidh impiriúlachas na Róimhe, mar is dual dóibh. Tá plean ag Caesar chun an lámh in uachtar a fháil orthu faoi dheireadh — an ceantar a phlódú le plandálaithe! Seasann Asterix agus a chairde in aghaidh na bplandálaithe ar dtús ach tuigeann siad de réir a chéile go mb’fhéidir go bhfuil an domhan ag athrú. An gcaithfidh na Gallaigh athrú nó má athraíonn siad an gcuirfidh siad a dteanga agus a gcultúr ársa i mbaol?

Gabriel Rosenstock
File, fear tanka, haiku agus aistí é Gabriel Rosenstock, aistritheoir, úrscéalaí, drámadóir, scríbhneoir don aos óg, blagadóir agus gearrscéalaí. Is ball d'Aosdána é agus i measc na ngradam a bronnadh air tá an bonn Tamgha I Khidmat ó Phoblacht Ioslamach na Pacastáine. Walk with Gandhi: Bóthar na Saoirse an leabhar is déanaí uaidh, maisithe ag Masood Hussain ón gCaismír, fear a dhéanann go leor scannán haiku agus tanka le Gabriel le haghaidh YouTube agus ardáin ilmheán eile.