Dialann Dúradáin: An Fhírinne Shearbh

Gradam Uí Shuilleabháin | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

Dialann Dúradáin, An Fhírinne Shearbh
FOILSITHEOIR: Futa Fata
AISTRITHEOIR: Máirín Nic Con Iomaire

Achoimre Leabhair
Cheap Greg Heffley go mbeadh sé go hiontach a bheith níos sine, ach níl. Tá brú nua ag baint le cóisirí tí a dtéann buachaillí agus cailíní chucu in éineacht. Tá freagrachtaí nua ar Ghreg. Tá sé féin ag fás agus ag athrú agus níl a sheanchara, Rowley, thart chun labhairt leis faoi seo ar fad. An mbeidh Greg in ann ag an saol nua seo as féin? Nó an mbeidh air déileáil leis an “fhírinne shearbh”?

Máirín Nic Con Iomaire
Is é seo an dara leabhar de chuid Jeff Kinney atá aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas di agus tá sí ag cur fúithi anois i gConamara. Is léiritheoir agus craoltóir raidió í chomh maith ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.