Asterix agus Troid na dTreabh

Gradam Uí Shuilleabháin | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

ACHOIMRE

Is ceannaire é Tadhgus Dháthaobhix atá sásta comhoibriú le lucht an choncais, na Rómhánaigh. Téann sé i ngleic le Taoisix i dTroid na dTreabh — an té a bhuafaidh an troid sin beidh sé i gceannas ar threibh an cheannaire chloíte.

AISTRITHEOIR: Gabriel Rosenstock

File, fear haiku, fear tanka, scríbhneoir don aos óg, aistritheoir, drámadóir, gearrscéalaí agus úrscéalaí é Gabriel Rosenstock. Is iad na leabhair is déanaí uaidh ná an cnuasach filíochta Glengower: Poems for no one in Irish and English (The Onslaught Press), An Eala Órga agus Scéilíní Eile ón India (An Gúm).