Bertie Brocach

Gradam Réics Carló | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

ACHOIMRE

Seo é Bertie Brocach, an buachaill is brocaí, is bréine agus is barrúla dár casadh ariamh ort. Cuirfidh sé alltacht ort. Cuirfidh sé déistean ort. Cuirfidh sé fonn múisce ort, b'fhéidir. Ach más maith leat mísc agus más breá leat brocamas, agus más dánaíocht agus diabhlaíocht is deise leat ar domhan, suigh síos go socair agus bain sásamh agus sonas as.

AISTRITHEOIR: Marion Ní Shúilleabháin

Is as Bóthar na Scrathóg, An Cheathrú Rua i gcroílár Ghaeltacht Chonamara i gContae na Gaillimhe í Marion Ní Shúilleabháin. Tá sí ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta ón mbliain 1996. D’oibrigh sí i ngach uile chuid den rannóg nuachta ó shin i leith. Bhí sí ar dhuine de láithreoirí na sraithe Siamsa Scoile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 2003-2006 – sraith iar tugadh cuairt ar scoileanna Gaeltachta agus ar Ghaelscoileanna le labhairt le gasúir bunscoile agus píosaí ceoil agus amhráin a thaifead uathu. Tá cáilíochtaí tríú leibhéal aici i nGaeilge agus i Matamaitic Fheidhmeach, i Scileanna Raidió agus Teilifíse (cúrsa ar bhain sí amach an chéad áit sa rang ann), i Léann an Aistriúcháin, sa bPleanáil Teanga agus in Eagarthóireacht agus Léamh Profaí Gaeilge. Tá sí ar dhuine den mheitheal a d'aistrigh an tsraith leabhar Dónall Dána a d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht, chomh maith leis an tsraith An Seachtar Stuama. Tá trí leabhar aistrithe go Gaeilge aici ón tsraith Bertie Brocach.

Údar