An Féileacán agus an Rí

Gradam Réics Carló | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: Futa Fata
ÚDAR: Máire Zepf
MAISITHEOIR: Shona Shirley Macdonald

Achoimre Leabhair
Tá scéal Éadaoin agus Mhír á insint in Éirinn le breis agus míle bliain. Baineann Máire Zepf casadh nua as an seanscéal ina leagan féin agus tugtar draíocht na samhlaíochta Gaelaí chun beatha in ealaín aoibhinn Shona Shirley Macdonald.

Máire Zepf
Is as Co. an Dúin don scríbhneoir agus aistritheoir, Máire Zepf. Ceapadh í mar chéad Comhalta le Scríbhneoireacht do Pháistí ag Ionad Seamus Heaney, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste sa bhliain 2017. Bhain saothair Mháire gearrliosta Ghradam Réics Carló amach cúpla bliain. Bronnadh gradam Leabhar na Bliana 2020 ar a úrscéal, ‘Nóinín’ ag  Leabhar Pháistí Éireann KPMG.

Shona Shirley Macdonald
Is as Albain ó dhúchas do Shona Shirley Macdonald ach ta cónaí uirthi anois i bPort Láirge. Tá cúlra sa bheochan aici ach is mar mhaisitheoir leabhar is mó atá aithne uirthi na laethanta seo.

Údar