Bríste an Cheoltóra

Gradam Réics Carló | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: Cló Iar-Chonnacht
ÚDAR: Pádraig Standún
MAISITHEOIR: Clifford Hayes / Deirdre Ní Thuathail

Achoimre Leabhair
Tá Jessica agus Simon ag freastal ar choláiste samhraidh chomh maith le ranganna ceol uirlíse. Ba mhaith leo a bheith ina gceoltóirí, ach tá drogall orthu mar gheall ar an síorchleachtadh a bhíonn ag teastáil chuige seo. Nuair a théann siad chuig sárcheoltóir áitiúil le ceachtanna a fháil uaidh, déanann sé dearmad ar an gcoinne a bhí le bheith aige leo. Is ag réiteach le dul a chodladh atá sé nuair a shroicheann siad an teach. "Ní fhéadfainn ceol a chasadh," ar seisean, "nuair atá mo bhríste bainte díom agam roimh dhul a chodladh dom." Ar an mbealach abhaile dóibh, smaoiníonn Jessica agus Simon meas tú an sa treabhsar atá an ceol? Céard faoi dá bhféadfaidís é a ghoid...

Pádraig Standún
Is i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo sa bhliain 1946 a rugadh Pádraig Standún. Is scríbhneoir, gníomhaí pobail agus sagart é a bhfuil cáil leathan air. Is mar úrscéalaí is mó atá aithne air, ach léiríodh go leor drámaí leis chomh maith.

Bhunaigh Bob Quinn a scannán Budawanny (1987) ar an gcéad úrscéal ó pheann Standúin, Súil le Breith (1983). Tá ceithre cinn déag d’úrscéalta Gaeilge scríofa aige agus tá siad aistrithe go teangacha éagsúla, ina measc, Béarla, Gearmáinis, Bulgáiris agus Rómáinis. Coranna (Cló Iar-Chonnacht, 2013) an t-úrscéal ba dhéanaí a foilsíodh uaidh.

Tar éis tréimhsí sagartóireachta sa Cheathrú Rua, in Inis Meáin agus in Inis Oírr, Árann chuaigh sé go Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo, áit ar chaith sé cúig bliana déag ina shéiplíneach sular bhog sé go Carna, Conamara, áit a bhfuil sé anois ina shagart paróiste.

 

Údar