Míp

Gradam Réics Carló | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: Futa Fata
ÚDAR: Máire Zepf
MAISITHEOIR: Paddy Donnelly

Achoimre Leabhair
Is í Míp an robat is cliste dár déanadh riamh. Tá sí á seoladh go Mars, le fáil amach an bhfuil eachtráin ina gcónaí ann. Tógann sí go leor pictiúr ann agus cuireann sí ar ais chuig an domhan iad, ach cá bhfuil na heachtráin? Ansin, tarlaíonn tubaiste.  “Tá Míp bhocht réidh” a deir na heolaithe. Ach an bhfuil

Máire Zepf
Is as Co. an Dúin don scríbhneoir agus aistritheoir, Máire Zepf. Ceapadh í mar chéad Comhalta le Scríbhneoireacht do Pháistí ag Ionad Seamus Heaney, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste sa bhliain 2017. Bhain saothair Mháire gearrliosta Ghradam Réics Carló amach cúpla bliain. Bronnadh gradam Leabhar na Bliana 2020 ar a úrscéal, ‘Nóinín’ ag  Leabhar Pháistí Éireann KPMG.

Paddy Donnelly
Is as Co. Aontroma ó dhúchas do Phaddy Donnelly ach tá cónaí anois air sa Bheilg, áit a chaitheann sé a chuid ama ag maisiú leabhar.  Tá cúlra aige sa dearadh grafach agus i gcruthú aipeanna iOS do pháistí faoin mbranda WeeTaps.  Nuair nach bhfuil sé i mbun maisiúcháin bíonn sé ag iománaíocht agus ag caoineadh an iar (!) phlainéid Pluto!

Údar