Neansaí ar an bhFeirm

Gradam Réics Carló | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: LeabhairCOMHAR
ÚDAR: Orna Ní Choileáin
MAISITHEOIR: Aidan J. Collins.

Achoimre Leabhair
Tá fonn eachtraíochta ar Neansaí, cailín a chuirfeadh aoibhneas ar do chroí. Ar ndóigh, glactar leis go bhfuil sí soineanta go dtí go gcruthaítear a mhalairt! Pictiúr leabhar álainn ina ndéanann cailín óg cairdeas le an-chuid ainmhithe feirme. Cuireann íomhánna bríomhaire agus nua-aimseartha go mór leis an scéal.

Orna Ní Choileáin
Tá gradaim sa phrós cruthaitheach, san fhilíocht, sa drámaíocht agus sa ghearrscéalaíocht buaite ag Orna Ní Choileáin ag Comórtais Liteartha an Oireachtais agus ag féilte Gaelacha ar fud na tíre. Tá dhá chnuasach gearrscéalta dá cuid foilsithe: Sciorrann an tAm (Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2014) agus Canary Wharf. Tá sraith úrscéal vaimpíre, saothair eile do léitheoirí óga agus Bóthar na Rós, úrscéal d’fhoghlaimeoirí fásta (LeabhairCOMHAR, 2016) foilsithe aici chomh maith.

Aidan J. Collins.
Is maisitheoir, aisteoir agus scríbhneoir é Aidan J. Collins. Is é seo a chéad pictiúr leabhar.

Údar