Rita agus an Ninja

Gradam Réics Carló | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: An tSnathaid Mhór
ÚDAR: Máire Zepf
MAISITHEOIR: Andrew Whitson 

Achoimre Leabhair
Is cailín beag í Rita le smaointe móra. Is breá léi dul i bhfolach. Ba mhaith léi traenáil mar ninja. Ansin, bheadh sí ciúin, gasta, dofheicthe. Ach cén deireadh a bheadh leis?

Máire Zepf
Is as Co. an Dúin don scríbhneoir agus aistritheoir, Máire Zepf. Ceapadh í mar chéad Comhalta le Scríbhneoireacht do Pháistí ag Ionad Seamus Heaney, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste sa bhliain 2017. Bhain saothair Mháire gearrliosta Ghradam Réics Carló amach cúpla bliain. Bronnadh gradam Leabhar na Bliana 2020 ar a úrscéal, ‘Nóinín’ ag  Leabhar Pháistí Éireann KPMG.

Andrew Whitson
Is as Béal Feirste ó dhúchas d’Andrew Whitson, ealaíontóir a bhfuil go leor duaiseanna bainte amach aige thar na mblianta. Tá breis agus 20 leabhar maisithe aige. Ar na cinn is déanaí, tá sraith ‘Muireann’, i gcomhar le Malachy Doyle, agus sraith iomráiteach ‘Rita’, i gcomhar le Máire Zepf.

Údar