Beag Bídeach

Gradam Réics Carló | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

ACHOIMRE

Tá grá ag Nína dá deartháirín beag Jimí. Ach, uaireanta cuireann sé isteach uirthi. Go háirithe nuair atá sí ag iarraidh a bheith ag spraoi le cairde speisialta Nína, na babóga.

ÚDAR: Sadhbh Devlin

Tá conaí ar Shadhbh Devlin i mBré, Co. Chill Mhantáin. Is é Beag Bídeach an dara leabhar uaithi agus tagann sé sna sála ar Bí ag Spraoi Liom! a d’fhoilsigh Futa Fata in 2017. Is blagálaí í Sadhbh agus scríobhann sí colún faoi cheardaíocht spraíúil do pháistí san iris Irish Parenting Magazine. Tá léirmheasanna ar leabhair don óige foilsithe aici san iris Inis. Is í atá ceaptha mar scríbhneoir cónaitheach in DLR Lexicon i nDún Laoghaire don bhliain 2019-2020.

MAISITHEOIR: Róisín Hahessy

Tá grá ag Róisín Hahessy, arb as Cluain Meala ó dhúchas di, don ealaín ó bhí sí an-óg. Tar éis di céim a bhaint ó Choláiste Bhaile Formaid, Baile Átha Cliath, chaith sí seal ag obair mar ealaíontóir grafaice le TV3, mar a thugtaí ag an am air. I 2015, chroch sí a seolta go dtí an Bhrasaíl, áit a bhfuil sí ag díriú anois ar a cuid obair mhaisiúcháin ar leabhar do pháistí. Déanann an ghníomhaireacht ghradamúil, an Bright Agency, i Londain ionadaíocht ar Róisín agus is é Beag Bídeach a céad leabhar le Futa Fata.

Údar