Bliain na nAmhrán

Gradam Réics Carló | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

Achoimre:

Amhrán and Rannta spraíúla do pháistí faoi cheithre shéasúr na bliana.

An tÚdar: Tadhg Mac Dhonnagáin

Is scríbhneoir, cumadóir amhrán agus foilsitheoir é Tadhg Mac Dhonnagáin. I measc na leabhar atá scríofa agus curtha in eagar aige do pháistí tá an tsraith réamhscoile Dainín (ceithre theideal); an pictiúrleabhar Uinseann Donn; an athinsint ar scéal Rúraíochta Flea Bhricriu, an tsraith do pháistí 7-10 mbliana, Fionn mac Cumhaill, (ceithre theideal); na cnuasaigh ón litríocht bhéil Gugalaí Gug! agus Peigín Leitir Móir agus na cnuasaigh nua-amhráin Ceol na Mara agus Bliain na nAmhrán. I measc na saothar do dhaoine fásta atá scríofa aige tá Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal, a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin, 2015.

Is é a chruthaigh an tsraith teilifíse, Aifric, in éineacht le stiúrthóir na sraithe Paul Mercier agus an comhlacht léiriúcháin, Telegael. Bhí sé mar phríomhscríbhneoir ar an tsraith a bhain trí cinn de ghradaim IFTA don chlár is fearr don óige in Éirinn i 2006, 2007 agus i 2008. Bhain an tsraith Gradam Fhéile na Meán Ceilteach i 2008. Díoladh go forleathan thar lear é.

Tá a shaothar aistrithe, foilsithe agus craolta thar lear i gcuid mhaith teangacha, ina measc an Spáinnis, an Phortaingéilis, an Danmhairgis, an Turcais, agus an tSínis.

Is é a bhunaigh an teach foilsitheoireachta Futa Fata sa Spidéal, i nGaeltacht Chonamara, ón mbliain 2005 i leith.  Tá níos mó ná céad leabhar i gcló ag an gcomhlacht. Tá Futa Fata ar cheann de na tithe foilsitheoireachta is gníomhaí ar an margadh idirnáisiúnta: tá eagráin de bhunleabhair an chomhlachta ar fáil i gcuid mhaith teangacha éagsúla san Eoraip, san Áise agus san Afraic.