Criú Nua ar Bord!

Gradam Réics Carló | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

Achoimre:

An cheathrú leabhar sa sraith Lísín. Is foghlaí mara í Lísín agus tá cónaí uirthi ar bhád.  Nuair a thugann Lísín cuireadh do na páistí deasa fanacht thar oíche, déanann sí dearmad go bhfuil Mam, Daid agus Mamó ag dul amach an oíche chéanna. Tá gach rud ceart go leor go dtí go ndéanann páiste amháin botún mór – botún a chuireann tús le turas an-dainséarach a chuirfidh eagla an domhain ar na páistí deasa. Ach tá plean ag Lísín…

An tÚdar: Patricia Forde

Tá an-cháil ar Patricia Forde i saol leabhair na bpáistí. Tá a saothair foilsithe in Éirinn, sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe ag comhlachtaí foilsitheoireachta éagsúla, ina measc: Egmont UK, O’Brien Press agus, ar ndóigh, Futa Fata. Ainmníodh na pictiúr leabhar Binjí, Madra ar Strae agus Mise agus an Dragún, a d’fhoilsigh Futa Fata, do Ghradam Réics Carló 2012 agus Gradam Leabhar na Bliana CBI 2013. Chomh maith leis sin, bhí Mise agus Dragún mar rogha oifigiúil i gCatalóg White Ravens a chuireann Leabharlann Idirnáisiúnta na nÓg i Munich na Gearmáine i dtoll a chéile gach bliain.

An Maisitheoir: Joëlle Dreidemy

Is i bPáras na Fraince atá Joëlle Dreidemy lonnaithe. Tá a saothair foilsithe go forleathan san Eoraip agus sa Bhreatain ag Little Tiger Press, Egmont, Stripes, ag Futa Fata agus ag go leor eile nach iad.