Nóinín

Gradam Réics Carló | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

ACHOIMRE

Casann Nóinín, déagóir cúthail, ar bhuachaill ar an idirlíon. Níl Oisín cosúil leis na buachaillí eile ar scoil. Nuair a thiteann Nóinín i ngrá le hOisín, déanann sí dearmad ar a cara is fearr, Eimear. Úrscéal saorvéarsaíochta é seo ina n-insíonn Nóinín féin agus Eimear an dá thaobh den scéal.

ÚDAR: Máire Zepf

Úrscéalaí do pháistí agus do dhéagóirí is ea Máire Zepf, agus ba í an chéad Chomhalta le Scríbhneoireacht do Pháistí in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (2017–2019). Mhothaigh Máire gurb éigean di an scéal dorcha seo, Nóinín, a insint, agus triúr sna déaga sa bhaile aici: ‘ní chreideann siad go dtuigeann seanóirí cosúil linne rud ar bith faoin domhan digiteach. Síleann siad gur cailleacha an uafáis muid, drama queens meánaosta ag cumadh scéalta. Ach níos contúirtí fós, ceapann siad go bhfuil siad féin doscriosta, dosháraithe, piléardhíonach.’

Údar