Percy Péacóg

Gradam Réics Carló | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

ACHOIMRE

Tá Percy Péacóg cuthail. Ní maith leis aird, ach tá rud amháin, mór álainn, ildaite ag baint le Percy a tharraingníonn go leor airde air – a eireaball mór, ildaite. In am an ghátair, faigheann an phéacóg chúthail amach gur rud an-úsáideach é an t-eireaball céanna….

ÚDAR: Gemma Breathnach

Is as an Spidéal do Gemma Breathnach. Scríbhneoir teilifíse í, a mbíonn a saothar le feiceáil go rialta ar TG4, ar an sobalchlár cáiliúil, Ros na Rún. Ainmníodh Gemma don saothar sin i 2019, do ghradam Zebbie don scríbhneoireacht scáileáin, a reáchtálann an Writers Guild of Ireland gach bliain.

MAISITHEOIR: Tarsila Krüse

Tá Tarsila ag obair mar mhaisitheoir le Futa Fata le roinnt blianta anuas. Is í a mhaisigh na leabhair BÍ AG SPRAOI LIOM! a scríobh Sadhbh Devlin agus PERCY PÉACÓG a scríobh Gemma Breathnach. Bhí sí ar dhuine den cheathrar ealaíontóir a mhaisigh an leabhar BLIAIN na nAMHRÁN, cnuasach amhrán ar bronnadh Gradam Speisialta na Moltóirí air ag Gradam CBI 2017, Gradam White Ravens ó Leabharlann na nÓg, München na Gearmáine 2017 agus Gradam Réícs Carló, 2018.

Cuireadh a céad leabhar, NÁ GABH AR SCOIL! san áireamh ar ghearrliosta Gradaim CBI i 2016 agus ar ghearrliosta Gradam Réics Carló an bhliain chéanna. Foilsíodh eagráin den leabhar sa tSínis, sa Chóiréis, sa Bhriotáinis, sa Tuircis, sa Spáinnis agus i mBéarla, in Éirinn agus i Meiriceá Thuaidh.

Údar