Rita agus an Dragún

Gradam Réics Carló | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

Achoimre

Is cailín beag í Rita le smaointe móra. Nuair a éiríonn sí crosta, samhlaíonn sí go bhfuil dragún fíochmhar feargach aici a chuirfeadh an domhain ar crith. Ach is féidir tine the na feirge a cheansú agus tá a fhios ag Rita cén chaoi lena dhéanamh.

An tÚdar: Máire Zepf

Is údar í Máire ar shraith úrnua de phictiúr-leabhair faoi ‘Rita’, maisithe ag Andrew Whitson agus foilsithe ag An tSnáthaid Mhór. Tá trí leabhar do pháistí scríofa aici go dtí seo: ‘Ná Gabh ar Scoil!’, maisithe ag Tarsila Kruse (Futa Fata, 2015), ‘Lá Leis na Lochlannaigh’ (Cois Life, 2016) agus ‘Tubaiste ar an Titanic’ (Cló Mhaigh Eo, 2012). Ainmníodh í do Leabhar na Bliana sa bhliain 2016, agus trí huaire do Ghradam Réics Carló. Is buaiteoir duais fhicsean an Oireachtais í chomh maith. Bhí ‘Ná Gabh ar Scoil!’ aistrithe go Cóiréis agus go Béarla mar ‘Don’t Go to School!’ (Sterling, 2017). Ceapadh Máire mar an chéad Comhalta Scríbhneoireachta do Pháistí don tuaisceart i 2017 agus tá sí lonnaithe in Ollscoil na Ríona. Bíonn sí gnóthach ag reáchtáil ceardlanna do pháistí bunaithe ar a cuid leabhar - ag féilte litríochta, i scoileanna agus i leabharlanna ar fud na tíre.

Maisitheoir: Andrew Whitson

Is as Béal Feirste ó dhúchas do Andrew Whitson. Tá leabhair maisithe aige ar ghnéithe éagsúla de mhiotaseolaíocht na hÉireann, ina measc The Creatures of Celtic Myth, The Field Guide to Irish Fairies agus The Dark Spirit. Ó 2007 ar aghaidh, tá sraith de phictiúrleabhair mhór-ráchairte do pháistí maisithe aige: Gaiscíoch na Beilte Uaine (gearrliosta Bisto agus buaiteoir Ghradam Réics Carló 2007); Balor (Gradam Réics Carló 2009); An Gréasaí Bróg agus na Sióga (gearrliosta Bisto agus Gradam Réics Carló 2010); Mac Rí Éireann (2011); Ó Chrann go Crann (gearrliosta CBI, buaiteoir Ghradam Réics Carló 2012 agus ghradam R.A.I. 2013). Bronnadh duais onórach Bisto le haghaidh maisiú leabhar ar Andrew in 2011. I gcomhar le Caitríona Nic Sheáin, tá 3 leabhar ficsin do pháistí, idir scríobh agus léaráidí, déanta ag Andrew, mar atá, Cogito, Pop! agus Cúraille i gCeannas.