Scéalta le hInsint don Ghealach

Gradam Réics Carló | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

Achoimre:

Athinsint bhríomhar ar scéalta traidisiúnta ón mbéaloideas curtha in oiriúint do pháistí. Meascán de scéalta gaiscíochta agus tóraíochta, agus scéalta grinn, roinnt acu bunaithe ar insintí i mbailiúchán na Scol. Téigh ag eitilt le Cóitín Luachra, ag scéalaíocht le Cú Chulainn, agus ag gaiscíocht leis na Fianna! Agus léigh an scéal ab fhearr dár insíodh riamh…

An tÚdar: Caoimhe Nic Lochlainn

Is léachtóir í Caoimhe Nic Lochlainn in Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU. Tá spéis taighde aici i litríocht do pháistí. Tá sí ina ball de choiste an Chumainn Éireannaigh um Staidéar Litríocht na nÓg, agus tá saothar acadúil foilsithe aici ar athinsintí ar an miotaseolaíocht agus ar an mbéaloideas agus stair chultúr na bpáistí go ginearálta. Is é Scéalta le hinsint don ghealach a céad leabhar do pháistí.