Trumptaí Dumptaí

Gradam Réics Carló | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

Achomire:

Bhuel … teastaíonn ó Donald J. Trump falla a thógáil – huth! Is mian leis hombres agus bad dudes Mheicsiceo a choinneáil amach as Na Stáit Aontaithe ...

Samhlaigh an t-iontas atá ar na Gaillimhigh, Rónán agus Fionntán Ó Conghaile, as Ceantar na nOileán, nuair a thagann glaoch ón Teach Bán isteach chucu san oifig i mBostún, Massachusetts lá. Teastaíonn ón Trumpach go ndéanfaidh R. & F. Ó Conghaile Teo. an falla a thógáil dó ... agus tógfaidh!

Is iomaí casadh agus lúb atá i straitéis An Trumpaigh sa scéal áiféiseach seo le go bhfaighidh sé a bhealach féin, agus is iomaí rud a cheapann sé a bheith ar eolas aige. Ach níl a fhios aige mar a chothóidh seanchara leis as An Dún Beag i gCo. an Chláir deacrachtaí dó san iarracht. 

An tÚdar: Ré Ó Laighléis

Is scríbhneoir proifisiúnta é Ré Ó Laighléis le 26 bliain anuas. Scríobhann sé do pháistí, do dhéagóirí agus do dhaoine fásta. Saothraíonn sé idir ghearrscéalta agus úrscéalta, idir dhrámaíocht agus ailt i nGaeilge, Béarla agus Fraincis, agus tá mórchuid dá leabhair aistrithe go teangacha eile. Tá raidhse duaiseanna agus gradaim liteartha bronnta air go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, ina measc príomhdhuais an Oireachtais faoi dhó, duaiseanna Bisto/CBI, Duais NAMLLA Mheiriceá Thuaidh, Duais Eorpach an White Ravens agus iliomad eile.

Bhronn Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa an gradam ‘An Peann faoi Bhláth’ air i 1998 agus i 2015 bhí sé i measc na n-ainmniúchán don phost mar Laureate for Irish Fiction. Le breis agus scór bliain anuas, tá saothair leis ainmnithe ar churaclaim ar gach leibhéal i dtíortha éagsúla. Is iar-Scríbhneoir Cónaitheach é le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, le Comhairle Chontae Mhaigh Eo, le Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne agus eile. Faoi láthair tá an t-úrscéal Gafa ar chúrsa na hArdteistiméireachta, agus le deireanas ainmníodh Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór ina ábhar léitheoireachta ar liosta na leabhar don Teastas Sóisearach nua, chomh maith le gearrscéalta agus drámaí as a chuid saothair éagsúla a bheith ainmnithe ar an gcúrsa céanna. Tugann sé ceardlanna sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach anseo in Éirinn, sa Bhreatain agus i Meiriceá Thuaidh agus tá sé ina Stiúrthóir ar An Scríobhlann, ionad traenála do scríbhneoirí de chuid MÓINÍN.

Is iar-mhúinteoir ar na trí leibhéal oideachais é agus is in Oideachas na Léitheoireachta a bhain sé a cháilíochtaí iarchéime. Tá sé cláraithe mar Speisialtóir Comhairleach sa Léitheoireacht leis an Massachusetts State Board of Education.

Is as Sail an Chnocáin i gContae Átha Cliath é ó dhúchas, ach tá cónaí air sa Bhoireann, Co. an Chláir ó 1992 i leith.