An Baile Beag Géimiúil: Amhráin na Trá Báine

Gradam Uí Shuilleabháin | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: Cló Iar-Chonnacht
ÚDAR: Sinéad Ní Ráinne

Achoimre Leabhair
Tá cáil i bhfad agus i ngearr ar an Trá Bháin, i gCeantar na nOileán i gConamara mar áit a bhfuil na trí ní nach féidir a fhoghlaim ­sa saol – fonn, féile agus filíocht – le fáil go fairsing ann. Tá sé amhrán déag sa leabhar seo a cumadh sa cheantar féin, nó a chum daoine ón gceantar a chuaigh ar imirce. Tá aiste chuimsitheach eolais ag dul le gach uile amhrán chomh maith le réamhrá a thugann eolas ar chúlra, ar chultúr agus ar eacnamaíoch na Trá Báine.

Faoi chlúdaigh an leabhair seo, agus ar an dlúthdhiosca atá ag dul leis, tá sé amhrán déag a cumadh ar an mbaile nó a bhfuil dlúthbhaint acu leis an mbaile. Tá cuid acu i mbéal an phobail le fada an lá, mar shampla 'Amhrán an Bháthadh' (nó 'Amhrán na Trá Báine' mar atá aithne ag go leor air), 'Ócam an Phríosúin' agus 'Pluid Dhorcha Leára''.  Tá cuid eile nach bhfuil an cur amach céanna orthu taobh amuigh den Trá Bháin féin, mar shampla 'Amhrán Tarpey' agus 'Bróga Khennedy'.

Sinéad Ní Ráinne
Is as an Trá Bháin do Shinéad Ní Ráinne. Bhain sí céim BA amach i nGaeilge agus Eacnamaíocht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath sa bhliain 1996. Tá céim MSc i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán aici ó Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe­-Maigh Eo chomh maith le céim MLitt ó Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is aistritheoir gairmiúil í atá i mbun an chomhlachta teanga Europus ar an gCeathrú Rua.

Údar