An Diabhal Déanta

Gradam Uí Shuilleabháin | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: Cló Iar-Chonnacht
ÚDAR: Joe Steve Ó Neachtain

Achoimre Leabhair
Sa chnuasach gearrscéalta seo, cíortar ábhair an saol mór ag brú isteach ar an mbaile beag, saincheisteanna sóisialta, an rachmas ag streachailt leis an mbochtanas, agus an grá agus an briseadh croí in árach a chéile gan stad gan staonadh.

Joe Steve Ó Neachtain
Rugadh Joe Steve Ó Neachtain ar an gCré Dhubh sa Spidéal sa bhliain 1942. D’imigh sé ar shlí na fírinne ag tús na bliana 2020. Thosaigh sé ag scríobh sa bhliain 1969 agus tá idir dhrámaí, úrscéalta, ghearrscéalta, fhilíocht, sceitseanna, amhráin agus agallaimh bheirte scríofa aige. Is iomaí gradaim atá bronnta ar Joe Steve Ó Neachtain, ina measc, Gradam Jacobs ar shraith drámaí dá chuid, Baile an Droichid, a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 1985 go 1995, Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht ar an leabhar gearrscéalta Clochmhóin (1998) agus ar an úrscéal Lámh Láidir (2001). Tá go leor comórtais de chuid Chomórtais Liteartha an Oireachtais buaite ag Joe Steve thar na mblianta, an comórtas is déanaí ná ‘Gearrscéal: Duais an Mhaolánaigh 2019’ dá shaothar ‘Aonaráin’.

Údar