Croí Cine

Gradam Uí Shuilleabháin | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: Cló Iar-Chonnacht
ÚDAR: Seán de Fréine

Achoimre Leabhair
Is cnuasach uathúil scríbhneoireachta í Croí Cine a sholáthraíonn réamhrá cuimsitheach fairsing ar scríbhneoireacht na Gaeilge, a shíneann siar chomh fad leis na 1600í go dtí deireadh an 20ú haois. Bailithe ag Seán de Fréine, tá an t-eagrán nua seo níos cuimsithí fós ná an chéad eagrán a foilsíodh sa bhliain 1990. Is cnuasach é seo de na céadta sleachta gairide as litríocht na Gaeilge - scothshamplaí den fhilíocht, de nathanna cainte, agus de scríbhneoireacht shaibhir na Gaeilge ó cuireadh peann Éireannach le pár i gcéaduair sa séú céad.

Pléitear ceisteanna an tsaoil sa chnuasach seo. Mar shampla, meon an phobail sa saol Gaelach i leith na cléire, ról na gcineálacha éagsúla amhrán mar ábhar meanma agus misnigh i measc aicmí éagsúla den phobal, an náisiúntacht vs an náisiúnachas, tábhacht agus todhchaí na Gaeltachta, na trí mhórchúis a thug cúlú na Gaeilge sa naoú céad déag. Tá innéacs nua cuimsitheach ginearálta leis an eagrán seo a chuireann go mór lena fhiúntas. 

Údar