Máchail - Scéal Díoltais

Gradam Uí Shuilleabháin | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

FOILSITHEOIR: Móinín
ÚDAR: Ré Ó Laighléis

Achoimre Leabhair
Is fear óg é Cormac Mac Guidhir atá tiomanta go hiomlán do bhaint amach an díoltais as a bhfuil déanta ag na baincéirí ar a athair. Scrios, cliseadh meabhrach, dúnadh gnólachta agus an-chuid dochair eile atá mar thoradh ar chaimiléireacht lucht an airgeadais. Ach ní mhaithfear an feall dóibh. Íocfar as ar bhealach nach bhféadfadh na hairgeadóirí a shamhlú riamh – bealach nach bhféadfadh Cormac féin a shamhlú, go deimhin.

Snátha as a chéile á dtrasnú féin go sciliúil ealaíonta i dtáipéis dhraíochtúil an scéil íogair seo. Scéal atá go hiomlán ar an sprioc maidir le cúrsaí na linne seo. Scéal diamhair, scéal eachtraíochta, scéal fealsúnachta. Saothar atá eisceachtúil ar an uile bhealach!

Ní hiontas é gur bronnadh an gradam liteartha ‘Buaic-Shaothar Próis na Bliana’ air mar chuid de Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2019.

Ré Ó Laighléis
Is úrscéalaí, gearrscéalaí agus drámadóir é Ré Ó Laighléis a bhfuil aitheantas agus gradaim bronnta air dá shaothair go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Scríobhann sé i nGaeilge, i mBéarla agus i bhFraincis, agus do léitheoirí den uile aois, agus tá an-chuid dá scríbhinní aistrithe go teangacha éagsúla. Le blianta fada anuas, tá éileamh mór air chun léamhanna agus ceardlanna a thabhairt anseo in Éirinn, sa Bhreatain, san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh.

Is as Sail an Chnocáin i mBaile Átha Cliath dó, ach tá cónaí air sa Bhoireann i gContae an Chláir ó 1992 i leith.

Údar