An Tromdhámh

Gradam Uí Shuilleabháin | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

ACHOIMRE

Cuairt a thug Seanchán Ollamh agus a chuideachta ar an rí, agus saint is síor-éilimh na cuideachta ainmheasartha sin — idir fhilí, cheoltóirí, bhantracht is ghiollaí — is údar don aoirscéal binb-bhriathrach seo ó pheann anaithnid thart ar an mbliain 1300. Scéal iltéamach ilchisealach é Tromdhámh Guaire a bhfuil cuid dá phréamha ag síneadh siar chomh fada leis an seachtú́ haois, tréimhse a shamhlaítear le triúr dá mhórphearsana, Seanchán Toirpéist féin, Dallán Forgaill, agus Guaire an Oinigh. Sa leagan nua-chóirithe seo, tugtar friotal is foghar an tseanscéil slán go soléite do léitheoir na haoise seo.

ÚDAR: Feargal Ó Béarra

Coisfharraigeach de dhúchas Mhaigh Eo é Feargal Ó Béarra. I nGaillimh agus sa Ghearmáin a rinne sé léann agus tá tréimhsí caite aige i mbun taighde agus teagaisc sa Ghearmáin, san Iorua, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, agus in Éirinn. Seo í an chéad leabhar den chineál seo óna pheann.

Údar