Lámh, Lámh Eile

Gradam Uí Shuilleabháin | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

ACHOIMRE

Úrscéal cruabhruite bleachtaireachta lonnaithe in Éirinn comhaimseartha atá sa leabhar seo a bhfuil gach uile rud ag baint leis - bleachtairí ar cuma leo, Gardaí a bhfuil a bpraghas féin acu (b’fhéidir), Rúisigh leis an iliomad airgid, lucht siúil barbartha agus béasach, iománaithe ar an gclaí, mná beáir críonna agus go leor eile.

ÚDAR: Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire ildánach é Alan Titley a bhfuil úrscéalta, gearrscéalta, drámaí, critic léannta agus fiú filíocht foilsithe aige.  Tá a chuid saothair aistrithe go teangacha éagsúla, Gaeilge na hAlban, Béarla, Cróitis, Iodáilis, Rómáinis, Rúisis agus Fraincis ina measc.  Cuireann sé cláir raidió agus teilifíse i láthair go rialta ar ghnéithe éagsúla de litríocht na Gaeilge agus litríocht na hÉireann.  Chaith sé breis agus cúig bliana fichead mar Cheann Roinne na Gaeilge i gColáiste Phádraig agus ina dhiaidh sin ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Údar