Oilithreach Pinn

An tOireachtas

Achoimre:

Shiúil Liam Ó Muirthile an Camino Francés as a chéile ó Saint-Jean-Pied-de-Port go Santiago de Compostela i bhfómhar na bliana 2015. Leis féin a bhí sé agus a phaca ar a dhroim, ag fanacht sna tithe aíochta oilithreachta ar a thuras 770 km. Mórthionscnamh deiridh an údair is ea ‘Oilithreach pinn’ inar chuimsigh sé bua tráchtaireachta an iriseora agus samhlaíocht an chumadóra araon i dtraidisiún cianársa an Ghaeil ar a chamashiúlta san Eoraip.

An tÚdar:

File, úrscéalaí agus drámadóir aitheanta ab ea Liam Ó Muirthile (1950–2018). Thuill sé a shlí bheatha tráth den saol mar iriseoir agus mar chraoltóir, ach dhírigh sé go hiomlán ar an scríbhneoireacht chruthaitheach i nGaeilge ó 1993. Foilsíodh leabhar is fiche leis roimhe seo. D’fhoilsigh Cois Life a phríomhshaothar filíochta An Fuíoll Feá (2013) agus ina dhiaidh sin Camino de Santiago: Dánta, poems, poemas (2018).