Súil Eile

An tOireachtas

Achoimre:

Bunaithe ar thaighde nua agus ar agallaimh leo siúd a bhfuil na fíorscéalta acu faoi bhunú agus faoi fhorbairt TG4, tabharfaidh Súil Eile cuntas beoga, géarchúiseach ar stair na teilifíse Gaeilge le breis agus 20 bliain anuas. Tugann Súil Eile léargas nua don léitheoir ar scéal suaithinseach an stáisiúin, ó laethanta corraithe an fheachtais ar son Teilifís na Gaeilge go dtí an lá atá inniu ann. Fite fuaite leis an insint ar stair dhrámatúil TG4 tá léirmheas criticiúil ar a bhfuil bainte amach ag an stáisiún Gaeilge ó bunaíodh é. Íomhá chlúdaigh le Robert Ballagh.

An tÚdar:

Is as Ráth Caola in iarthar Luimnigh do Sheán Tadhg Ó Gairbhí. Tá sé ina eagarthóir ar Tuairisc.ie, an tseirbhís nuachta ar líne. D’oibrigh sé mar iriseoir leis an nuachtán Foinse ó 2000 go dtí 2009 agus bhí sé ina eagarthóir ar an nuachtán sin ó 2003 go 2009. Bhuaigh sé gradam ‘Iriseoir na Bliana’ de chuid Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais in 2007, in 2008 agus arís in 2015. Tá sé ina eagarthóir ar an iris Comhar.