Táin Bó Cuailnge

An tOireachtas

Achoimre:

Ceann de na heipicí is mó agus is fearr a scríobhadh riamh, agus é anois ar fáil sa Nua-Ghaeilge. Is é Táin Bó Cuailnge an scéal is faide agus is tábhachtaí atá againn sa luathlitríocht, agus tá sé ar cheann de na heipicí próis is mó agus is clúití dár scríobhadh riamh. 

Baineann scéal na Tána leis an ionradh a rinne Ailill agus Méabh Chonnacht agus ‘ceithre ollchúige Éireann’ ar Chúige Uladh, ag iarraidh tarbh an chúige a bhreith leo as Cuailnge. Is ann a insítear scéal Chú Chulainn, an laoch óg a sheas an fód ar son na nUltach ó Luan tosaigh na Samhna go dtí tús an earraigh, gan ina chuideachta ach a charbadóir Lao, agus é in aghaidh mhórshluaite Ailealla is Mhéibhe. 

Is ann freisin a déantar cur síos ar a óige, ar a chéad ghaiscí, ar an gcaoi a fuair sé a ainm, agus ar a chomhrac crólinnteach lena chara is a chomhalta, an laoch Connachtach Feardia. 

Ba san 11ú hAois a breacadh na leaganacha is sine dá bhfuil againn de Tháin Bó Cuailnge. Is é Darach Ó Scolaí a chuir i Nua-Ghaeilge.

An tÚdar:

Scríbhneoir agus foilsitheoir é Darach Ó Scolaí. Ghnóthaigh a úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac, 2007) Duais an Oireachtais 2007 agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008. Foilsíodh athinsintí leis ar dhá sheanscéal An Ceithearnach Caolriabhach (2002) agus Feis Tigh Chonáin (2000). Ar a shaothar do dhaoine óga tá na leabhair An Bradán Feasa agus Dóiteoir na Samhna (2009). Foilsíodh úrscéal leis Na Comharthaí in 2014.

Bhain a dhráma Coinneáil Orainn Duais Bháitéir Uí Mhaicín agus an BBC

Stewart Parker Award amach, agus rinneadh cóiriú do Raidió na Gaeltachta ar Coinneáil Orainn agus An Braon Aníos i 2009. Chomh maith le saothar cló is stáitse, tá scripteanna scríofa aige do dhá ghearrscannán, Cosa Nite (1998) An Leabhar (2000), agus don tsraith teilifíse Na Cloigne (2010).

Faoi Nollaig 2017 foilsíodh Táin Bó Cuailnge, saothar a bhuaigh Duais Chuimhneacháin Aodáin Mhic Phóilin ag an Oireachtas, 2017.