Tairngreacht

Gradam Uí Shuilleabháin | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

ACHOIMRE

Cuirtear saol Chonchúir Uí Bhraonáin bun os cionn go hiomlán nuair a thagann sé ar dhúnmharú scáfar ar mhullach uaigheanna Uí Néill agus Uí Dhónaill sa Róimh. Is gearr go mbíonn a bheatha féin i mbaol. 

ÚDAR: Phroinsias Mac a’ Bhaird

Is as Árainn Mhór, Tír Chonaill do Phroinsias Mac a’ Bhaird. Bhain a chéad leabhar Cogar san Fharraige (Coiscéim, 2002) le béaloideas Árainn Mhór. Tá trí chnuasach filíochta scríofa aige, dhá úrscéal, An Tairiscint (Coiscéim, 2005) agus Rún an Bhonnáin (LeabhairCOMHAR, 2010), agus leabhair do dhaoine óga. Tá gearrscéalta, drámaí agus amhráin scríofa aige fosta. Is iomaí duais atá bainte aige as a chuid scríbhneoireachta. Léann sé go rialta ag féilte litríochta agus ealaíne agus scríobhann sé ó am go céile in irisí liteartha agus sna meáin eile. An fharraige, saol an oileáin, ceol, béaloideas agus an stair is mó a mhúsclaíonn a dhúil. Tá cónaí air i dTír Chonaill, lena chúram agus lena mhadadh Pluto, áit a n-oibríonn sé mar mháistir scoile.

Údar