Titley

Gradam Uí Shuilleabháin | Gradaim Fhoilsitheoireachta | An tOireachtas

ACHOIMRE

Ábhar critice ar shaothar Titley atá sa leabhar seo. Is é saothar scríofa agus stáitse Titley, seachas a shaothar don raidió nó don teilifís, atá faoi chaibidil ag an údar agus cuirtear san áireamh mórán gach a bhfuil foilsithe aige óna chéad alt i 1965 go dtí an t-alt is deireanaí uaidh in 2016.

ÚDAR: Máirtín Coilféir

Bhain Máirtín Coilféir BA agus PhD, bunaithe ar shaothar Alan Titley, amach i gColáiste na Tríonóide agus Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht ó Ollscoil Mhá Nuad. Tá spéis faoi leith aige sa nualitríocht, sa chritic liteartha agus i léann an aistriúcháin. D’oibrigh sé i gColáiste na Tríonóide, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, mar eagarthóir liteartha na hirise Comhar, agus ina eagarthóir ar an iris piarmheasta acadúil COMHARTaighde. Tá sé ina Léachtóir Cúnta sa Léann Cheilteach in Ollscoil Choláiste Naomh Mícheál in Ollscoil Toronto.

Údar