Éalú as an Lios

Is sióg óg í Luisne atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine, tarlaíonn go leor eachtraí di féin agus dá cairde.

Sraith nua is ea Luisne Lios Lurgain faoi Luisne, sióg óg atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine, tarlaíonn go leor eachtraí di féin agus dá cairde.

Tá Luisne fiosrach faoi Dhomhan na nDaoine nó 'An Domhan Thuas'. Tá bealaí rúnda le taisteal amach as Domhan na Sí ach ní thugtar an t-eolas seo do shióga óga! Ach le gliceas, aimsíonn Luisne ceann de na bealaí rúnda, agus éalaíonn sí féin agus a cara Deirdre go dtí an Domhan Thuas. Cé go bhfeiceann siad rudaí iontacha ann, faraor, ní oibríonn a gcuid pleananna amach mar a shíl siad ... agus is gearr go mbíonn an bheirt i dtrioblóid!

An tÚdar
Scríbhneoir í Aoife Ní Dhufaigh a bhfuil cónaí uirthi in Inis Oírr, Árainn. Foilsíodh dhá úrscéal léi go dtí seo, Go Tóin Poill agus Cathal, chomh maith le Scéilíní, sraith scéalta traidisiúnta atá curtha in oiriúint aici do léitheoirí óga. Is iad Éalú as an Lios agus An tSióg Mhallaithe an chéad dá leabhar sa tsraith Luisne Lios Lurgain.

An tEalaíontóir
As Cois Fharraige do Chaomhán Ó Scolaí, agus tá cónaí air sna Doirí Beaga i dTír Chonaill. Tá cáil nach beag bainte amach aige mar ealaíontóir agus mar dhearthóir, agus rian a láimhe ar go leor foilseachán Gaeilge le blianta beaga anuas — Foinse, Lá, Comhar, Cuisle, ina measc. Tá aithne air freisin mar dhearthóir leabhar agus is é a dhearaigh na duaisleabhair ‘Scéal Ghearóid Iarla’ le Máire Mhac an tSaoi, ‘Fontenoy' le Liam Mac Cóil, agus ‘An Cleireach’ le Darach Ó Scolaí.