Hata Zú Mhamó

Tá hata spéisiúil, spraíúil ag Mamó. Hata zú! É maisithe le heireaball léamair agus le cleití péacóige! Ach ní leor an hata a bheith aici! Tá plean ag Mamó éalú amach as an teach altranais agus a hata zú a chaitheamh sa zú féin. Cuireann sí iachall ar a gariníon Siobhán í féin agus beirt chara léi ón teach altranais a thabhairt ann. Beidh na heachtraí sa zú lán chomh spleodrach céanna le hata zú Mhamó.

An tÚdar
Léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir í Áine Ní Ghlinn. Tá dhá leabhar is fiche scríofa aici – ceithre chnuasach filíochta agus ocht leabhar déag do dhéagóirí agus do léitheoirí óga. Chaith sí roinnt blianta mar mhúinteoir meánscoile, agus ansin mar iriseoir le RTÉ agus Raidió na Gaeltachta. D’fhág sí Raidió na Gaeltachta le cúpla bliain a chaitheamh ag léachtóireacht in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Theastaigh uaithi níos mó ama a chaitheamh ag scríobh, áfach, agus thosaigh sí ag obair go lánaimseartha ar leabhair do pháistí agus ar scripteanna do Ros na Rún, TG4. Roinneann sí a cuid ama faoi láthair idir an scríbhneoireacht, léachtóireacht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus ceardlanna scríbhneoireachta i ngaelscoileanna.