Lá leis na Lochlannaigh

Tá Cormac agus Brídín ar bís le stopadh tí Mhamó agus Daideo arís. Tá siad ag súil le heachtra spleodrach stairiúil eile tríd an doras draíochta. Ach, nuair a thaistealaíonn siad go Duibhlinn na Lochlannach, tá dainséar agus priacal san aer. An éireoidh leo teacht slán ón chontúirt? Agus cad a gheobhaidh siad amach faoi fhíorshaol na Lochlannach?

An tÚdar:
Foilsíodh céad leabhar Mháire, Tubaiste ar an Titanic (Cló Mhaigh Eo) sa bhliain 2012. Tá leis na Lochlannaigh (Cois Life, 2016) ag leanúint le scéal na bpríomhcharachtar céanna, Cormac agus Brídín, agus iad ag plé le heachtra nua stairiúil.

Bhí paisean don stair ag Máire riamh, rud a mheall go hOllscoil Oxford í mar mhac léinn. Spreag na teagascóirí, na sean-leabharlanna agus an meon foghlama ansin go mór í. I ndiaidh di céim mháistreachta a bhaint amach, chuaigh sí go Londain agus d’oibrigh sí i ngníomhaireacht fógraíochta ansin, ag déanamh fógraí teilifíse, clóite agus raidió. Sa bhliain 2001, bhog sí ar ais go Co. an Dúin chun obriú mar Oifigeach Forbartha na Gaeilge i nDún Phádraig. Chuir sí fúthu in Ard Mhic Nasca, a baile dúchais, áit a bhfuil cónaí uirthi go fóill.

Tá triúr clainne aici anois: Áine, Cillian agus Lorcán. Tá na páistí á dtógáil le Gaeilge. Is mar mháthair lánaimseartha a thosaigh Máire ag scríobh, ar dtús mar cholúnaí don iris An tUltach agus ina dhiaidh sin don New Humanist. Chomh maith leis an tsraith ficsin stairiúil do pháistí aois 9–11, bíonn Máire ag scríobh pictiúrleabhar do pháistí óga fosta. D’fhoilsigh Futa Fata an chéad phictiúrleabhar léi, Ná Gabh ar Scoil! in 2015.

Bíonn Máire le feiceáil le peann agus leabhar nótaí ar an pháirc súgartha, ag an linn snámha agus i seomra feithimh an dochtúra. Is minic dinnéar dóite ina teach mar gheall ar scéal nó alt. Taobh amuigh den scríobh, baineann sí sult as dreapadóireacht agus siúl in áiteacha fiáine – sna cnoic, cois trá agus sna coillte.