Is comórtas é seo atá dírithe go príomha ar fhoilsitheoirí leabhar Gaeilge cé go mbronnfar duais freisin ar údar na nduaisiarrachta. Reáchtáiltear an comórtas seo i gcuimhne ar Dhonncha Uí Shúilleabháin gach dara bliain.
Déanann Gradam Uí Shúilleabháin ceiliúradh ní amháin ar fheabhas na scríbhneoireachta Gaeilge ach ar na caighdeáin arda a léiríonn foilsitheoirí ar fud na hÉireann le linn na bliana.
Bronnfar Gradam Uí Shúilleabháin ag ócáid speisialta le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne, Co. Chiarraí, 1 Samhain 2017. Tá duais €3,000 ar fáil don fhoilsitheoir agus €2,000 ar fáil d’údar an leabhair is fearr do dhaoine fásta.
Cuireann foilsitheoirí leabhar ó gach cearn den tír plúr a gcuid saothar foilsithe ar aghaidh le bheith san iomaíocht don ghradam seo. Sé (6) leabhar atá roghnaithe do ghearrliosta na bliana seo: