An tIriseoir

Údar: Rugadh Michelle i nGlaschú Albain ach tógadh í i nGaoth Dobhair. Bhí cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath ar feadh roinnt blianta. Le linn na tréimhse sin, rinne sí staidéar ar an iriseoireacht in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Sráid Aungier.

Scríobh Michelle le Foinse agus  nuair a thosaigh sí ag obair mar iriseoir. Chaith sí tréimhsí ag obair don Irish Daily Mirror agus don Star on Sunday agus tá obair mar shaorisireoir déanta aici don Irish Times, don Irish Independent agus don Irish Examiner thar na mblianta. Is iriseoir ilghnéitheach í faoi láthair agus tá a lán oibre déanta aici le stáisiúin raidió agus teilifíse. Ba í a rinne an clár teilifíse Éagóir de TG4 a chur i láthair idir 2011 agus 2014. Tá sí ag obair mar iriseoir sinsearach leis an Donegal Democrat faoi láthair. Tá suim mhór ag Michelle i gcúrsaí teanga agus bhí sí ina Cathaoirleach ar Choiste Comhairleach na nÓg agus ina ball de Choimisiún na Gaeltachta. Bhain sí an dara háit i gcomórtas liteartha Oireachtas na Gaeilge in 2004 leis an ngearrscéal ‘Baile na mblaincéad.’ Bhain sí Corn Mháire Nic Dhonnachadha don amhránaíocht ar an sean-nós an bhliain chéanna. D’fhoilsigh Cois Life a céad shaothar ficsin, úrscéal dar teideal An tIriseoir in 2016. Tá cónaí ar Michelle i mbaile Leitir Ceanainn.

Achoimre: Foréigean baile, saol scriosta, pósadh cliste. Éalaíonn Bríd ó Ghaoth Dobhair le dul i mbun iriseoireachta i mBaile Átha Cliath. Iriseoir díograiseach, ábalta agus cumasach í, a mhúchann na cuimhní cráite le tréan oibre. Titeann saol Bhríd as a chéile agus í ag fiosrú scéil ar a fód dúchais nuair a aithníonn sí go bhfuil a mac féin ina chroílar.

I dTír Mhilis na mBeo
Cois Life
I dTír Mhilis na mBeo
Colim Ó Ceallacháin
Éagóir
Cois Life
Éagóir
Seán Ó Cuirreáin
An tIriseoir
Cois Life
An tIriseoir
Michelle Nic Pháidín
Cré na Cille
Clór Iar-Chonnacht
Cré na Cille
Máirtín Ó Cadhain
Conaire Mór
Leabhar Breac
Conaire Mór
Diarmuid Johnson
Corp an Duine Uasail
Leabhar Breac
Corp am Duine Uasail
Pénélope Bagieu