Conaire Mór

Údar: File, ceoltóir, scríbhneoir agus scoláire é Diarmuid Johnson. I gCardiff na Breataine Bige a rugadh é in 1965. Cuireadh oideachas air i nGaillimh idir 1970 agus 1989. Tá céim B.A., M.A. agus Ph.D. sa Léann Ceilteach aige. Ó 1989 i leith tá blianta go leor caite aige ina léachtóir ollscoile in Éirinn, sa mBreatain Bhig, sa mBriotáin, sa nGearmáin agus sa bPolainn. Chaith sé cúig bliana le ceird na hiriseoireachta agus na heagarthóireachta i gConamara.

Tá leabhair go leor scríofa aige, agus  tá a chuid fliúiteadóireachta le cloisteáil ar cheirníní éagsúla. I 2014, bhí sé ina fhile teallaigh i dteach mór Rhos-y-Gilwen in iardheisceart na Breataine Bige. Bíonn sé ag tuairisceoireacht do Raidió na Gaeltachta. Múineann sé Gaeilge in Éirinn i rith an tsamhraidh. Is é Rún na mBradán an cnuasach filíochta is deireanaí ón údar.

Achoimre: Athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór: Seacht nDoras na Cinniúna ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — scéal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil ar bhruach na Dothra. Na hiontais ar fad atá i dtraidisiún na seanscéalta, tá siad ar fáil go flúirseach in imeachtaí an scéil, idir mhacghníomhartha Chonaire agus a theacht i réim, na blianta a raibh Éire faoi bhláth lena linn, agus an tuar báis nárbh fhéidir a shéanadh.

Is i lámhscríbhinní na Sean- agus na Meán-Ghaeilge atá an scéal Togail Bruidne Da Derga (Toghail Bhruíne Da Deirg). Tá an leagan is sine de i Leabhar na hUidhre, lámhscríbhinn atá os cionn 800 bliain d’aois. Seo scéal nár insíodh i nGaeilge le beagnach míle bliain, ach tá Conaire Mór i réim anois arís ar deireadh. Is é an file Diarmuid Johnson a rinne an t-athscríobh ar an mbuntéacs.

I dTír Mhilis na mBeo
Cois Life
I dTír Mhilis na mBeo
Colim Ó Ceallacháin
Éagóir
Cois Life
Éagóir
Seán Ó Cuirreáin
An tIriseoir
Cois Life
An tIriseoir
Michelle Nic Pháidín
Cré na Cille
Clór Iar-Chonnacht
Cré na Cille
Máirtín Ó Cadhain
Conaire Mór
Leabhar Breac
Conaire Mór
Diarmuid Johnson
Corp an Duine Uasail
Leabhar Breac
Corp am Duine Uasail
Pénélope Bagieu