Corp an Duine Uasail

Údar: Is é Darach Ó Scolaí a d’aistrigh an leabhar, agus é sin déanta aige i stíl a théann anonn is anall go héasca idir saol na Fraince agus cultúr na Gaeilge ar bhealach éadrom réchúiseach.

Mar a dúirt Eoin Ó Murchú ar tuairisc.ie: "Tá rud éigin speisialta faoi Corp an Duine Uasail. Tá sé breá stuama mar leabhar, cinnte, ach tá draíocht ar leith ag baint le pictiúir Phénélope Bagieu.... Zoé an príomhcharachtar. Í dathúil, mealltach, cúthail, láidir, lag, teanntásach ar a seal. Tá post marbhánta aici agus leimhe an tsaoil ag luí go trom uirthi ach tá doimhne ag roinnt le Zoé agus bá againn léi dá réir."

Bronnadh an Prix des Cheminots SNCF ar an úrscéal grafach seo ag Féile Angoulême na Fraince.

Achoimre: A leithéid de shaol! Tar éis do Zoé an lá a chaitheamh mar fháilteoir ag comhdhálacha agus seónna tráchtála, ní bhíonn ag fanacht léi sa bhaile ach leisceoir mímhúinte a chodlaíonn ina chuid stocaí. Sin, nó go gcastar Tomás uirthi, scríbhneoir mór a bhfuil an inspioráid ag teip air. Scéal é seo faoi ghrá agus uaillmhian ... agus banlaoch as an gcoitiantacht.

Úrscéal grafach is ea Corp an Duine Uasail (Cadavre Exquis) le Pénélope Bagieu, duine den ghlúin nua údair bande déssinée atá tagtha aníos sa bhFrainc le blianta beaga anuas. Cosúil lena cuid oibre i réimse na gcartún (bíonn a saothar le feiceáil sna tréimhseacháin agus ar a blog féin) tá Corp an Duine uasail fíor-ghreannmhar.

I dTír Mhilis na mBeo
Cois Life
I dTír Mhilis na mBeo
Colim Ó Ceallacháin
Éagóir
Cois Life
Éagóir
Seán Ó Cuirreáin
An tIriseoir
Cois Life
An tIriseoir
Michelle Nic Pháidín
Cré na Cille
Clór Iar-Chonnacht
Cré na Cille
Máirtín Ó Cadhain
Conaire Mór
Leabhar Breac
Conaire Mór
Diarmuid Johnson
Corp an Duine Uasail
Leabhar Breac
Corp am Duine Uasail
Pénélope Bagieu