Cré na Cille

Údar: Ar an gCnocán Glas taobh thiar den Spidéal i gContae na Gaillimhe a rugadh Máirtín Ó Cadhain i 1906. Oileadh ina mhúinteoir náisiúnta é ach briseadh as a phost i Scoil Náisiúnta an Chairn Mhóir é nuair nach dtabharfadh sé geallúint nach mbeadh aon bhaint aige feasta le poblachtachas.  Chaith sé blianta an Dara Cogadh Domhanda i gcampa géibhinn i gCurrach Chill Dara. Phós sé Máirín Ní Rodaigh i 1945. Chaith sé tamall míshuaimhneach ina státseirbhíseach nó gur ceapadh é mar léachtóir le Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide i 1956. Bhásaigh sé sa bhliain 1970.  Tá an t-úrscéal seo, Cré na Cille, aitheanta mar cheann de na saothair is tábhachtaí i nua-litríocht na Gaeilge.

Achoimre:  ‘Ó bhás go críoch, ní críoch ach athfhás’, a deir an t-amhrán, agus nach rábach agus nach fiáin an t-athfhás a tháinig ar charachtair an úrscéil seo! Mar níl suaimhneas síoraí ná suaimhneas de chineál ar bith i ndán do na mairbh sa reilig anaithnid seo arb é suíomh an scéil seo é, ach chuile aighneas, chuile easaontas, chuile chnámh spairne beo a bhí ag cur as do na mairbh nuair a bhí siad os cionn talúna, iad te bruite á dtarraingt anuas arís agus arís eile.

Agus níl duine ar bith is fearr chuige seo ná Caitríona Pháidín, príomhcharachtar an leabhair, bean atá in árach a deirfíre, Neil, le blianta fada agus atá ar bís go gcloisfidh sí trácht ar uachta deirfiúr eile léi, Baba, atá i Meiriceá. Gan trácht ar an gcrois de ghlaschloich an Oileáin atá geallta a bheith tógtha os a cionn. Cinnte, tá na mairbh ag caint arís ach an bhfuil aon duine ag éisteacht? Is críonna a té a déarfadh!

I dTír Mhilis na mBeo
Cois Life
I dTír Mhilis na mBeo
Colim Ó Ceallacháin
Éagóir
Cois Life
Éagóir
Seán Ó Cuirreáin
An tIriseoir
Cois Life
An tIriseoir
Michelle Nic Pháidín
Cré na Cille
Clór Iar-Chonnacht
Cré na Cille
Máirtín Ó Cadhain
Conaire Mór
Leabhar Breac
Conaire Mór
Diarmuid Johnson
Corp an Duine Uasail
Leabhar Breac
Corp am Duine Uasail
Pénélope Bagieu